|
CéilíBhí céilí againn leis an gcéad bhliain ar an Luan 9ú Márta chun tús a chur le Seachtain na Gaeilge. Ghlac gach dalta ón gcéad bhliain páirt sa chéilí chomh maith le daltaí Spáinnise. D'fhoghlaim na daltaí Ballaí Luimní, an Staiciín Eorna agus Baint an Fhéir. Bhí an-chraic agus spraoi acu ag rince le chéile.
|